- Music
- 16 Oct 26
Amhrán na Laoch: Shortlist announced in major Irish language songwriting competition for Irish Music Month, supported by An Post
The overall winner will receive €2,500 prize money, the opportunity to release their song through the iconic Gael Linn record label, airplay support, music industry mentoring, and coverage in Hot Press.
Artists from right across the country responded to our call for submissions for Amhrán na Laoch 2026 – a major Irish language songwriting competition, supported by An Post – as part of this year's Irish Music Month.
Now, after sorting through a phenomenal, genre-spanning selection of entries, Hot Press and the Independent Broadcasters of Ireland are thrilled to reveal our final shortlist...
The final shortlist:
- Dàwna, 'Damhsa le mo Chailín' feat. Hazey Haze
- Aisling, 'Plámás'
- CLÓDA, 'Idir Dhá Linn'
- Éire agus Cú Chulainn, 'Go Deo na nDeor'
- Cúán de Búrca & hHH, 'Ionradh na Normannach'
- Niamh Keane, 'Tar Aníos'
- Teague and Joyce, 'Leath Bhádóirí'
- Fíobha, 'D'athraigh mé'
- Paul Mooney and Elevator, 'Amhrán na mBoghanna Báistí'
- Leatsa, 'Croí Lán'
- Ciara Finnerty, 'Ceo Draíochta'
- Eleanor Quaine, 'Ist Leo'
- Ash Fuller, 'Airím uaim thú'
- Drandán, 'Leannán Sí'
- LARAbEL, ‘Féileacán'
- Tara Dignam, 'Mo Chuisle Mo Chroí'
- seansean.ie, 'Geimhreadh Dubh' feat. Niall Tarmey
- The Boxty Gang, 'Siar Ó Bhaile'
- Phoenix and Wolfe, 'Levanta Te'
Of course, there can only be one winner...
The Amhrán na Laoch judging panel – which includes legendary Co. Donegal fiddler and singer Mairéad Ní Mhaonaigh of Altan, and renowned musician and broadcaster Fiachna Ó Braonáin of Hothouse Flowers – are in the process of whittling that fantastic shortlist down to one final song.
As part of the prize, Irish record label Gael Linn are joining forces with Hot Press and the IBI to release a recording of the winning song.
"Gael Linn is delighted to team up with Hot Press, for Amhrán na Laoch 2026," Réamonn Ó Ciaráin, CEO of Gael Linn said. "We hope to bring an extra dimension to the Amhrán na Laoch competition by working with the winner to ensure their award-winning song is available across the globe on the major digital platforms on a music label with seventy years of experience in the field, Gael Linn."
The winner will be announced in advance of the upcoming A New Local Hero live finale at The Academy, Dublin, on Wednesday, October 28. That night will see special sets from the A New Local Hero finalists, and a very special guest – set to be revealed soon.
The worthy Amhrán na Laoch winner will receive:
- Airplay support across 22 independent Irish radio stations
- Guaranteed coverage in and support from Hot Press
- €2,500 prize money
- Music industry mentoring and support
- Mixing, mastering and release of a single through the Gael Linn label
Launched in 2021, Irish Music Month is an initiative of Hot Press and the Independent Broadcasters of Ireland, and is supported by Coimisiún na Meán. It takes place in September and October across 22 participating local radio stations, covering every blade of grass in Ireland.
The winner of the inaugural Amhrán na Laoch was Huartan, from Belfast, with ‘Bean Udaí Thall’. Huartan went on to win the Live Act of the Year Award at the NI Music Prize, and also secured the BBC Introducing Northern Irish Artist of the Year Award at the end of 2025.
“Cuireadh go leor amhrán den scoth isteach le haghaidh Amhránn na Laoch,” a dúirt Niall Stokes, eagarthóir de Hot Press. “Tá obair an-deacair le déanamh ag na breithiúna. Ach is cinnte go mbeidh buaiteoir iontach agus fiúntach againn."
“An Post is proud to support Amhrán na Laoch, celebrating the creativity of songwriters and performers through the Irish language," Orla Bradshaw, Irish Language Officer with An Post, has commented. "Congratulations to the artists who have made the shortlist. We are delighted to see such a positive response to this year’s competition and look forward to hearing the winning song.”
Amhrán na Laoch has also been singled out for praise by the President of Ireland, Catherine Connolly.
“As President of Ireland, may I send my very best wishes to Hot Press and to all those local radio stations and artists participating in this year’s Irish Music Month,” the President said. "It is vitally important that our broadcasters support our local Irish artists and I am very grateful for the commitment which each of the stations involved are showing to Irish musicians through this initiative. I am particularly pleased to note that Irish Music Month will again this year include the Irish language song competition Amhrán na Laoch, fostering creativity and songwriting in the Irish language. May I wish all involved a wonderful month of music and performance.”
Tickets for the A New Local Hero live finale – taking place at The Academy, Dublin, on Wednesday, October 28 – are available to purchase here.
Stay tuned to hotpress.com for more Amhrán na Laoch news ...
Inaugural Amhrán na Laoch winners Huartan. Copyright Trevor McGrath/hotpress.comThug ealaíontóirí ó gach cearn den tír freagra ar ár nglao ar iontrálacha d’Amhrán na Laoch 2026 – mórchomórtas cumadóireachta amhrán Gaeilge, le tacaíocht ó An Post – mar chuid de Mhí an Cheoil Éireannaigh i mbliana.
Anois, tar éis dúinn réimse iontach iontrálacha ó iliomad seánraí ceoil a mheas, tá lúcháir ar Hot Press agus ar Chraoltóirí Neamhspleácha na hÉireann ár ngearrliosta deiridh a fhógairt...
An gearrliosta deiridh:
- Dàwna, 'Damhsa le mo Chailín' feat. Hazey Haze
- Aisling, 'Plámás'
- CLÓDA, 'Idir Dhá Linn'
- Éire agus Cú Chulainn, 'Go Deo na nDeor'
- Cúán de Búrca & hHH, 'Ionradh na Normannach'
- Niamh Keane, 'Tar Aníos'
- Teague and Joyce, 'Leath Bhádóirí'
- Fíobha, 'D'athraigh mé'
- Paul Mooney and Elevator, 'Amhrán na mBoghanna Báistí'
- Leatsa, 'Croí Lán'
- Ciara Finnerty, 'Ceo Draíochta'
- Eleanor Quaine, 'Ist Leo'
- Ash Fuller, 'Airím uaim thú'
- Drandán, 'Leannán Sí'
- LARAbEL, ‘Féileacán'
- Tara Dignam, 'Mo Chuisle Mo Chroí'
- seansean.ie, 'Geimhreadh Dubh' feat. Niall Tarmey
- The Boxty Gang, 'Siar Ó Bhaile'
- Phoenix and Wolfe, 'Levanta Te'
Ar ndóigh, ní féidir ach buaiteoir amháin a bheith ann...
Tá painéal moltóireachta Amhrán na Laoch – ar a bhfuil an fidléir agus amhránaí iomráiteach as Contae Dhún na nGall, Mairéad Ní Mhaonaigh ó Altan, agus an ceoltóir agus craoltóir mór le rá Fiachna Ó Braonáin ó Hothouse Flowers – i mbun an gearrliosta iontach sin a chúngú go dtí nach mbeidh fágtha ach amhrán amháin.
Mar chuid den duais, tá an lipéad ceirníní Éireannach Gael Linn ag dul i gcomhpháirt le Hot Press agus leis an IBI chun taifeadadh den amhrán buaiteach a eisiúint.
“Tá lúcháir ar Gael Linn dul i gcomhpháirt le Hot Press le haghaidh Amhrán na Laoch 2026,” a dúirt Réamonn Ó Ciaráin, Príomhfheidhmeannach Ghael Linn. “Tá súil againn gné bhreise a chur leis an gcomórtas Amhrán na Laoch trí oibriú leis an mbuaiteoir lena chinntiú go mbeidh an t-amhrán a bhain an duais ar fáil ar fud an domhain ar na mór-ardáin dhigiteacha, faoi bhratach Gael Linn, lipéad ceirníní a bhfuil seachtó bliain de thaithí aige sa réimse.”
Fógrófar an buaiteoir roimh oíche cheannais bheo A New Local Hero, a bheidh ar siúl in The Academy, Baile Átha Cliath, Dé Céadaoin, an 28 Deireadh Fómhair. Beidh léirithe speisialta ar an oíche sin ó iomaitheoirí ceannais A New Local Hero agus ó aoi an-speisialta – a bhfógrófar a chéannacht go luath.
Gheobhaidh buaiteoir tuillteanach Amhrán na Laoch na duaiseanna seo a leanas:
- Tacaíocht chun an t-amhrán a chraoladh ar 22 stáisiún raidió neamhspleách in Éirinn
- Clúdach ráthaithe in Hot Press agus tacaíocht ráthaithe uaidh
- Duais airgid €2,500
- Meantóireacht agus tacaíocht ón tionscal ceoil
- Meascadh, máistreáil agus eisiúint singil trí lipéad Ghael Linn
Is tionscnamh de chuid Hot Press agus Chraoltóirí Neamhspleácha na hÉireann í Mí an Cheoil Éireannaigh, a seoladh in 2021 agus a fhaigheann tacaíocht ó Choimisiún na Meán. Bíonn sé ar siúl i mí Mheán Fómhair agus i mí Dheireadh Fómhair ar 22 stáisiún raidió áitiúil rannpháirteach, agus clúdaíonn sé gach cearn d’Éirinn.
Ba é Huartan as Béal Feirste buaiteoir chéad chomórtas Amhrán na Laoch, lena n-amhrán ‘Bean Udaí Thall’. Ina dhiaidh sin, bhuaigh Huartan Gradam Taibhithe Bheo na Bliana ag an NI Music Prize, agus bhuaigh siad Gradam Ealaíontóra Thuaisceart Éireann na Bliana de chuid BBC Introducing ag deireadh 2025 freisin.
Tá moladh ar leith tugtha ag Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, d’Amhrán na Laoch.
“Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom mo dhea-ghuí ó chroí a chur chuig Hot Press agus chuig na stáisiúin raidió áitiúla agus na healaíontóirí uile atá páirteach i Mí an Cheoil Éireannaigh i mbliana,” a dúirt an tUachtarán. “Tá sé ríthábhachtach go dtacódh ár gcraoltóirí lenár n-ealaíontóirí Éireannacha áitiúla, agus táim fíorbhuíoch as an tiomantas do cheoltóirí Éireannacha atá á léiriú ag gach ceann de na stáisiúin rannpháirteacha tríd an tionscnamh seo. Tá áthas ar leith orm a thabhairt faoi deara go mbeidh an comórtas amhrán Gaeilge Amhrán na Laoch mar chuid de Mhí an Cheoil Éireannaigh arís i mbliana, rud a chothaíonn an chruthaitheacht agus cumadóireacht amhrán i nGaeilge. Guím mí iontach ceoil agus taibhithe ar gach duine atá páirteach ann.”
Dúirt Orla Bradshaw, Oifigeach Gaeilge le An Post: “Tá An Post bródúil as tacaíocht a thabhairt d’Amhrán na Laoch, a dhéanann ceiliúradh ar chruthaitheacht chumadóirí amhrán agus thaibheoirí trí mheán na Gaeilge. Comhghairdeas leis na healaíontóirí ar éirigh leo áit a bhaint amach ar an ngearrliosta. Tá lúcháir orainn freagairt chomh dearfach sin ar chomórtas na bliana seo a fheiceáil agus táimid ag tnúth leis an amhrán buaiteach a chloisteáil.”
Tá ticéid d’oíche cheannais bheo A New Local Hero – a bheidh ar siúl in The Academy, Baile Átha Cliath, Dé Céadaoin, an 28 Deireadh Fómhair – ar fáil le ceannach anseo.
Coinnigh súil ar hotpress.com le haghaidh tuilleadh scéala faoi Amhrán na Laoch...
Trending
RELATED
- Music
- 16 Oct 26
New Irish Songs To Hear This Week
- Music
- 16 Oct 26
BIIRD announce show at The National Concert Hall
- Music
- 16 Oct 26
Album Review: Brian Kennedy, How Can I Keep From Singing
- Music
- 16 Oct 26
Album Review: Arborist, Looking For Love
- Music
- 16 Oct 26