- Culture
- 12 Dec 13
Buann leabhar amhráin agus úrscéal grafach an dá mhórghradam ag ócáid ‘Leabhar na Bliana’ 2013.
Traidisiún na hamhránaíochta in Éirinn agus scéalta ‘Banríon na Farraige’ Gráinne Ní Mháille ab iad ábhair na mbuaiteoirí ag ócáid ‘Leabhar na Bliana’ i mí na Samhna. Is é Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn a bhronn na gradaim ag searmanas sa Ghailearaí Grianghrafadóireachta i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath.
Is comórtas uile-oileáin é ‘Leabhar na Bliana’ a bhíonn á reáchtáil ag Oireachtas na Gaeilge agus urraithe ag Foras na Gaeilge. Déanann sé comóradh ar litríocht na Gaeilge, a foilsitheoirí agus a húdair, trí dhá mhórghradam a bhronnadh gach bliain: Gradam Uí Shúilleabháin (leabhar na bliana do dhaoine fásta) agus Gradam Réics Carló (leabhar na bliana do dhaoine óga). Bronntar an dá ghradam go bliantúil as dhá ghearrliosta de chúig leabhar an ceann. Bronntar duais de €6,000 ar fhoilsitheoir leabhair na bliana do dhaoine óga, €2,000 ar an údar agus €2,000 ar an maisitheoir.
Bronntar €6,000 ar fhoilsitheoir leabhar na bliana do dhaoine fásta agus €4,000 ar an údar. Rinne Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge, comhghairdeas leis na buaiteoirí agus na leabhair a bhí ar nagearrliostaí agus é ag labhairt ag an ócáid. Mhol sé an “meitheal mhistéireach’ atá i gceist leis “an scríbhneoir, an t- eagarthóir, an foilsitheoir agus an maisitheoir leabhar, an fhoireann dhlúth sin a thugann leabhar ar an saol”. Dúirt sé gur saothar ealaíne gach saothar a bhí ar na gearrliostaí agus léirigh sé an sásamh atá aige go bhfuil na saothair sin ag fáil an moladh atá ag dul dóibh as ucht a gcuid cruthaíochta.
Bhuaigh Leabhar Mór na nAmhrán (Cló-Iar Chonnacht) Gradam Uí Shúilleabháin. Is
bailiúchán é de ceithre chéad amhráin ar an sean-nó. Is é seo an chéad uair riamh ar foilsíodh roinnt mhaith de na hamhráin sin sa foilseachán gleoite seo. Chomh maith leis na hamhráin iad féin, tá nótaí cúlra curtha san áireamh freisin, agus ainmneacha na gcumadóirí aon áit gur féidir.
Is léir ar an gcéad amharc go raibh an-iarracht agus dian-obair curtha isteach i bhfoilseachán na hoibre seo, saothar a bheadh oiriúnach d’amhránaithe, do mhic léinn Ghaeilge agus d’aon duine a bhfuil suim acu in amhránaíocht thraidisiúnta na Gaeilge. B’iad Mícheál Ó Conghaile, Lochlainn Ó Tuairisg agus Peadar Ó Ceannabháin a chuir an leabhar in eagar.
Tá sé de nós ag rannóga nuachta siamsaíochta níos mó scéalta a fhoilsiú maidir le píoráideacht ceoil nó scannáin ná scéalta maidir le foghlaithe mara, ach déileálann buaiteoir Ghradam Réics Carló le cineál píoráideachta atá níos cosúla leis an sórt a d’fheicfí i litríocht chlasaiceach. Is úrscéal grafach é ‘Gráinne Mhaol’ (Cló Mhaigh Eo), a léiríonn na heachtraí spleodracha i saol Ghráinne Ní Mháille, nó Granuaile, ‘Banríon na Farraige’ sa 16ú haois in Éirinn.
Sa leagan álainn seo, tá an scéal inste ag Gisela Pizatto agus maisithe é ag Bruno Büll. Cónaíonn agus oibríonn Pizatto agus Büll saBhrasaíl, agus d’ aistrigh Iarla Mac Aodha Bhuí a saothar go Gaeilge.. Cé gur scéal Éireannach é is léir go bhfuil mealltacht uilíoch ann, toisc suim an údair í féin sa scéal- tá grá do gach ní Ceilteach ag an ealaíontóir agus múinteoir ealaíne seo, agus tá an grá seo le feiceáil tríd an saothar seo ar fad.
Cé gur bhuaigh sé gradam do leabhar na bliana do dhaoine óga, bheadh an leabhar álainn seo oiriúnach do dhaoine ó gach aoisghrúpa, go háirithe dóibh siúd a bhfuil suim acu in úrscéalta grafach, maisiúchán nó scéal Gráinne Ní Mháille, ceann de na mórcarachtair i stair na hÉireann agus ceann de na carachtair baineann is clúití gan dabht. Ní gá go mbeidh Gaeilge líofa agat chun leas a bhaint as an scéal eipiciúil seo toisc a léaráidí iontach agus leagan amach a bhfuil éasca le leanúint.
Duine eile a bhí i láthair ag an searmanas ná Ferdie Mac an Fhailigh, Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, agus bhí ardmholadh aige ar son chaighdeán na foilseacháin Ghaeilge. Agus é ag labhairt ag an ócáid, dúirt sé:
“Tá caighdeán na leabhar Gaeilge ag dul i dtreise gach aon bhliain agus ní aon eisceacht é caighdeán na bliana seo. Le maoiniú de€80,000 ó Fhoras na Gaeilge, tá feachtas mór ar bun idir seo agus an Nollag mar thacaíocht d’obair fhoilsitheoirí leabhar Gaeilge.
Beidh muid ag caitheamh spotsolas ar líon agus ar ardchaighdeán na leabhar atá ar fáil agus beidh tréaniarracht ar siúl ag an earnáil foilseachán leabhar Gaeilge, ag súil gurb í seo an bhliain díolaíochta is fearr riamh a bheidh acu – agus béim mhór á cur ar leabhair Ghaeilge mar bhronntanais Nollag”.