- Culture
- 09 Mar 04
An Gaeilge- is feidir linn go leir i a labhairt
Níl aon rud coimhthíoch faoi na daoine a labhraíonn Gaeilge, a deir Seán Tadhg Ó Gairbhí.
In agallamh le Foinse roinnt blianta ó shin roghnaigh an láithreoir Teilifíse agus bunaitheoir Macnas, Pádraic Breathnach, meafar táilliúireachta chun cur síos a dhéanamh orthu siúd a dhéanann iad féin a cheapadh mar chaomhnóirí na Gaeilge agus a bhfuil dímheas ar leith aige orthu. Mheabhraigh “briogáid fobhrístí bréidín” Bhreathnach na díograiseoirí dúrúnta teanga sin a ndearna Flann O’Brien aoir orthu blianta roimhe sin mar gheall ar a n-easpa samhlaíochta agus a gcuid ‘fáisciní rothaíochta agus boinn liathróide láimhe.”
Diaidh ar ndiaidh, tá an teanga á ghabháil ar ais ó na daoine gan ghreann sin agus tá deis aici bláthú agus a bheith ann mar theanga. Is rófhada, a d’fhulaing sí mar gheall ar na héilimh iomarcacha a rinneadh thar a ceann agus mar gheall ar an mbaint a bhí aici le náisiúnachas caol-aigeantach cultúrtha agus polaitiúil. Anois, níos mó ná riamh, feictear í díreach mar theanga; teanga a roghnaíonn muid a úsáid inár saol agus ní mar shraith luachanna morálta a gcaithfimid maireachtáil dá réir.
Níl aon rud coimhthíoch faoi na daoine a labhraíonn Gaeilge, agus ní seandaoine mantacha amháin atá ina nGaeilgeoirí anois.
Tá an Ghaeilge anois ag an staid iar-íorónach nuair nach bhfuil sé cool fiú amháin a rá go bhfuil sí cool. Tá spéirmhná aimsire anois ann a bhfuil Gaeilge acu, mar aon le tuairisceoirí neamheaglacha, réaltaí sobaldhrámaí, cócairí móra le rá, lucht gnó tábhachtacha, láithreoirí Teilifíse,DJanna agus léitheoirí Hot Press, ach is é chomh gnách atá an staid nua seo is mó a thugann dóchas do thodhchaí na teanga.
Le bunú Raidió na Gaeltachta agus TG4, forbairt nuachtán mar Foinse agus Lá agus fás na nGaelscoileanna, ní hé an bás atá á thuar sa díospóireacht faoi thodhchaí na teanga. Le blianta beaga anuas tá an seanbhréag coilíneach, nach raibh ar chumas an teanga dúchais ar shlí éigin léiriú a thabhairt ar réalachas an lae inniu, bréagnaithe go mór. Tá cruthaithe ag an nGaeilge gur féidir aon rud a dhéanamh inti agus a dhéantar i mBéarla, nó in aon teanga eile. Tarraingíonn sochtheangeolaithe chucu féin ó am go chéile íomhánna den dé deireadh agus déanann siad réamhfhaisnéisí éadóchasacha, ach, ar an mórchuid, is cosúil go bhfuil an teanga faoi bhláth. Is é an dúshlán is mó anois atá romhainn ná a chinntiú nach gcaillfimid léargas ar a bhfuil á shábháil againn agus an chúis lena sábháil. Athraíonn gach teanga agus téann siad in oiriúint d’athruithe saoil, ach má leantar de bheith ag maolú na Gaeilge, mar atá i láthair na huaire, ansin ní fiú í a shábháil.
Mar sin, níl sa Ghaeilge ach teanga. Is teanga í atá 2,000 bliain d’aois agus is stair 2,000 bliain dínn féin é sin nach féidir a aistriú. Is teanga álainn í freisin. In eagrán mhí Feabhra de Faobhar, iris nua mhíosúil Foinse, scríobh an scríbhneoir ón Ísiltír, Alex Hijmans, faoin bpríomhchúis ar chinn sé Gaeilge a fhoghlaim. Tá sinéistéise ag dul do Alex, riocht a chuireann ar a chumas dathanna a chloisteáil. Nuair a bhí sé óg chuaigh sé ar saoire in Éirinn lena thuismitheoirí. Ba iad patrúin na ndathanna ar chomharthaí bóthair na hÉireann na patrúin ab iontaí a chonaic sé riamh.
Is eagarthóir ar Foinse, an Príomhnuachtán Gaeilge, é Seán Tadhg Ó Gairbh
RELATED
RELATED
- Lifestyle & Sports
- 30 Jun 25